Thursday 29 October 2026
  • :
  • :

Email : johnpaul.oshea@oireachtas.ie

Cork County Council Invites Applications for Arts Funding

Cork County Council Invites Applications for Arts Funding

Cork County Council is inviting applications for its 2027 Arts Funding Opportunities, with a range of supports available for artists, arts organisations, arts festivals, community groups and creative practitioners across the county.

Funding is available for arts projects, activities and events taking place in Cork County during 2027.

The funding programmes are designed to support artistic excellence, encourage public engagement with the arts, and strengthen the cultural life of communities throughout the county.

The funding opportunities include the Arts Grant Scheme, which supports arts organisations and community groups to develop and deliver ambitious artistic projects, programmes and events. Funding is also available through a dedicated strand for Irish-language arts initiatives, supporting projects that promote creativity and participation through the Irish language. The Small Capital Investment Scheme supports arts organisations to improve facilities and infrastructure through equipment purchases, venue upgrades and resources that enhance artistic activity and audience experiences.

Now entering its second year, the Artist in the Community Scheme continues to foster meaningful partnerships between professional artists and local communities. The scheme enables artists and community groups to work together on creative projects that encourage participation, build connections and explore issues of local importance through the arts. The Creative Communities Scheme supports large-scale collaborative community arts projects, encouraging communities, artists and local partners to work together to increase access to the arts and strengthen community participation.

Professional artists working across all art forms can apply for a range of Artist Bursaries and Residencies, which provide time, resources and professional development opportunities to support the creation of new work, research, collaboration and artistic practice.

To assist applicants, Cork County Council will host a series of public information sessions and application clinics. These sessions provide an opportunity to learn more about the available schemes and application process, while the clinics offer one-to-one meetings with a member of the Arts Office team to discuss project proposals and applications. Places for clinics are limited and advance booking is required.

Applications can be made online from the 2nd of November until the 11th of December. 

Full details of all funding opportunities, guidelines and application forms are available at www.corkcoco.ie.

For queries on the Arts Grants schemes, email arts@corkcoco.ie or call 021-4346210.

ENDS

Editors Notes: 
 
Timetable for Arts Grants Information Sessions:

 
Timetable for Arts Grants Clinics:

 

Fáiltíonn Comhairle Contae Chorcaí roimh Iarratais ar Mhaoiniú Ealaíon

Tá iarratais á lorg ag Comhairle Contae Chorcaí dá Deiseanna Maoinithe Ealaíon 2027, agus tá raon tacaíochtaí ar fáil d’ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon, féilte ealaíon, grúpaí pobail agus cleachtóirí cruthaitheacha ar fud na tíre.
Tá maoiniú ar fáil do thionscadail, gníomhaíochtaí agus imeachtaí ealaíon a bheidh ar siúl i gContae Chorcaí le linn 2027.

Tá na cláir mhaoinithe deartha chun tacú le barr feabhais ealaíonta, chun rannpháirtíocht ón bpobal a spreagadh, agus chun saol cultúrtha na bpobal a neartú ar fud na tíre.

San áireamh leis na deiseanna maoinithe, tá Scéim na nDeontas Ealaíon, scéim a thacaíonn le heagraíochtaí ealaíon agus grúpaí pobail chun tionscadail, cláir agus imeachtaí uaillmhianacha ealaíonta a fhorbairt agus a sholáthar. Tá maoiniú ar fáil freisin trí shruth ar leith atá tiomnaithe do thograí ealaíon Gaeilge, rud a thacaíonn le cruthaitheacht agus rannpháirtíocht trí Ghaeilge. Tacaíonn an Scéim Infheistíochtaí Beaga Caipitil le heagraíochtaí ealaíon chun áiseanna agus infreastruchtúr a fheabhsú trí threalamh a cheannach, ionaid a fheabhsú agus acmhainní a chuireann le gníomhaíochtaí ealaíonta agus eispéiris an lucht féachana.

Scéim is ea Ealaíontóir sa Phobal a leanann de bheith ag cothú comhpháirtíochtaí fiúntacha idir ealaíontóirí gairmiúla agus pobail áitiúla. Cuireann an scéim ar chumas ealaíontóirí agus grúpaí pobail a bheith ag obair le chéile ar thionscadail chruthaitheacha a spreagann rannpháirtíocht, a chothaíonn ceangail agus a phléann ceisteanna maidir le tábhacht áiteanna tríd na healaíona. Tacaíonn Scéim na bPobal Cruthaitheach le mórthionscadail chomhoibríocha ealaíon sa phobal. Tugann an Scéim spreagadh do phobail, ealaíontóirí agus páirtithe áitiúla le bheith ag obair le chéile chun rochtain ar na healaíona a fheabhsú agus rannpháirtíocht phobail a neartú.

Is féidir le healaíontóirí gairmiúla atá ag obair i ngach foirm ealaíne cur isteach ar raon Sparánachtaí agus Cónaitheachtaí, a chuireann am, acmhainní agus deiseanna forbartha gairmiúla ar fáil chun tacú le hobair nua, taighde, comhoibriú agus cleachtas ealaíonta.
Agus na deiseanna maoinithe á bhfógairt aige, is éard a dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Bernard Moynihan, “Gach bliain, tacaíonn scéimeanna maoinithe ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí le raon mór tionscadal cruthaitheach a chuireann leis an saol cultúrtha inár mbailte, sráidbhailte agus pobail. Rinne na healaíontóirí, na heagraíochtaí agus na grúpaí pobail a fuair tacaíocht sna blianta roimhe seo saothar den chéad scoth, chruthaíodar deiseanna le haghaidh rannpháirtíochta agus tharraingíodar daoine le chéile trí eispéiris chomhroinnte chruthaitheacha. Léiríonn a n-éachtaí an ról ríthábhachtach atá ag na healaíona maidir le folláine a fheabhsú, cruthaitheacht a spreagadh agus pobail bhríomhara a chruthú. Mholfainn d’aon duine a bhfuil smaoineamh nó tionscadal láidir ealaíonta aige féachaint ar na deiseanna atá ar fáil agus iarratas a chur isteach.”

Chun cabhrú le hiarratasóirí, déanfaidh Comhairle Contae Chorcaí sraith seisiún eolais poiblí agus clinicí iarratais a reáchtáil. Soláthróidh na seisiúin seo deis chun níos mó a fhoghlaim faoi na scéimeanna atá ar fáil agus an próiseas iarratais. Sna clinicí, beidh cruinnithe duine le duine le ball den fhoireann san Oifig Ealaíon chun plé a dhéanamh ar mholtaí agus iarratais tionscadail. Tá áiteanna sna clinicí seo teoranta agus ní mór áit a chur in áirithe roimh ré.
Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne ón 2 Samhain go dtí an 11 Nollaig. 

Tá na sonraí ar fad faoi na deiseanna maoinithe, treoirlínte agus foirmeacha iarratais ar fáil ag www.corkcoco.ie.
Más mian leat fiosrú faoi na scéimeanna maoinithe, seol ríomhphost chuig arts@corkcoco.ie nó glaoigh ar 021-4346210.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir: 
 
Amchlár maidir le Seisiúin Eolais na nDeontas Ealaíon:

 
Amchlár maidir le Clinicí na nDeontas Ealaíon:

 

Culture Night 2026
Skibbereen
Womb Bones at Uillinn West Cork Arts Centre
phot. Marcin Lewandowski | soundofphotography.com ©
@soundofphotography 2026